School: Caurane (roll number 13175)

Location:
An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
P. Mac Giolla Gaileng
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 270

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 270

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caurane
  2. XML Page 270
  3. XML “Sail Óg Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thart ar an mbaile mór an tráth sin, acht tháinig la eile air.
    Déirigh feilméiri an taobh sin tíre go mór as beathughadh stuic agus chlaoidh síad le curaidheacht.
    B'fhéidir gurab e an t-úghdar a bhí leis an athrúghadh, go raibh na daoine ag éirigh líonmhair agus an talamh da roinnt ortha, agus san dóigh sin ní raibh a leigean amach aca leis an tréada a choinghbheáil
    Cuile lá arimah bfearr Oileáin Innis Sgéithe i gcóir caorach na áit ar bith ar an tír mhóir agus b'fhuarast na caoirígh a thigeadh ó na h-Oileáin a phiocadh amach ar aonach Beal A' Mhuirthid.
    Bhíodh tóir mhór i gcómhnuidhe ag na ceannachóirí go léir ar caoirigh na n-aoileán agus bhíodh síad gá ngearradh féin amach sa luach ag an aonach i gcaoí 's go bhfuigheadh muinntea[r] na n-oileán i gcómhnuidhe an phinginn a b'aoirde ar a gcuid caorach.
    San tráth sin bhí triúr dríothaireacha de na Breathnaigh in-Innis Sgéithe agus le cruth, déanamh agus dóigheamhlacht ba dhoiligh a sárughadh. Fir bhreágtha, chruadh-dhéanta a beadh iad agus cuir[eadh?] sunndas ionnta agus as imeasg an t-sluagh ar aonach Bhéal a' Mhuirthid.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Con Tuille
    Gender
    Male
    Address
    An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo