Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 271
- XML “Sail Óg Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí síad láidir, teann agus dubh-shláinneach agus gan baoghal ortha go leigfeadh síad a gcnámh go bog uatha gan fios cén fáth.
Acht ar an láimh eile, bhí tréithe na h-uaisleachta ionnta. Bhí an cortas agus an geanamlacht ionnta, agus níor dhún síad súil ariamh ar an mbochtán ná ar an té a raibh call ná fágáil ar bith air, fhad is bhí caoí aca-san fóirthint dhó.
Ní raibh sa teach acht iad féin triúr agus drifiúir amháin, agus bí sin aca teach de teolaidhe már go mba mhaith an sas iad cur ar a shon agus breathnughadh i ndiaidh a ngraithe. Ba i Sail, an ingean an duine a bóige de'n cheathrar agus mur' raibh cion ag na dríotháireaca uirthí ní lá go maidin é.
Cailleadh an mháthair nuair a rugadh an ingean agus ba le aire chiúin agus freastail chríona a tugad an naoidhneán thrídh, acht bhí a bhuidheachas sin ar bean ghlúin an oileáin. Ní raibh Sail acht teacht ins na déaga nuair a báitheadh an t-athair ag teacht ó aonach Béal a' Mhuirthid agus dfágh sin na Breathnaigh gan athair gan máthair, acht má d'fhág, d'fhág sé gur mhéaduigh cionn na ndríotháireach ar Shail agus ag méadughadh a bhí an cion in aghaidh an lae.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Con Tuille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo