Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 272
- XML “Sail Óg Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gearchaile ghleóidthe sgiamhach b'ead Sail.
Gruag fhionnruadh ag tuitim i n-a duala trillseacha anuas ar 'chaon taobh de aghaidh lághach, chineálta agus gan samhail ar bith le tabhairt duithe acht ní ríoghain mhaorda a bhfuil trácht ortha sa bhfiannaidheacht.
Bhíodh sí i gcómhnuidhe in éinfeacht leis na driotháireacha ar Aifreann, aonach agus margadh, agus ba dhoiligh clann eile a fhágháil a bhí comh dílis d'a chéile leis an gclann seo.
Thárla gur casadh na Breathnuigh le sgata caorach ar aonach Bhéal a Mhuirthid tráth agus bhí sin aca an sgata a b'fhearr ar an aonach. Bhí ceannachóirí ag teacht agus ag breathnughadh ar na caoirigh agus corr-duine aca ag cur luach ortha agus ag imtheacht leis aríst.
Amach faoí meadhon-lae tainic ceannachóir O ceanntar Caisleán a Bharraigh thart agus beannuigh sé do na Breathnuigh agus beannuigh siad-san dó
Bhí sean-aithne acha ar a chéile agus níor fada go raibh na caoirigh díolta ceannuighthe, an bonn-tsochar tugtha agus an béaléist dhá ól. Bhí Sail i láthair ag an mbéal-éist, agus ba é seo an céad uair ariamh a leag an ceannachóir súil uirthí gidh gur mion minic a cuala sé cainnt uirthí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Con Tuille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo