School: Sruthar (C.)
- Location:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha rud i dtaoibh na h-aimsire a bhíos le cloisteál ó na sean daoine.
Nuair a bhíos druim an chait iompuighthe leis an teine, sin cómhatha báistighe. Nuair a bhíos an madra ag ithe an fhéir ghlais sin cómhartha baistighe freisin. Nuair a bhíos sutha ag tuitim anuas sin cómhartha baistighe. Nuair a bhíos fead leis an ngaoith sin droch cómhartha. Nuair a bhíos dath gorm tré an teine sin comhartha báistighe. Nuair a bhíos an cat ag sgríobadh ag an doras, sin cómhartha go bhfuil aimsear gharbh ghaothmhar ag teacht.
Nuair a bhíos na fainleóga agus na préacháin ag eiteall ós íseal sin cómhartha báistighe.
Nuair a bíos an Céathta iomluighthe ins an spéir, is droch chómhartha é. Nuair a bhíos an crotach ag sgread sin cómhartha báistighe. Nuair a théigheann an ghrian faoi agus sgamall thar timcheall uirthi, ní maith an cómhartha é. Nuair a bhíos fáinne tar timcheall na gealaighe, sin cómhartha baistighe freisin. Nuair a bhíos bogha -baistighe ins an spéir go moch ar maidin, sin cómhartha báistighe freisin. Nuair a bhíos na h-ainmhidhthe ag rith ó na cuileóga is cómhartha báistighe é. Nuair a bhíos na géana fiadhain ag eiteall go fairsing ins an spéir, is cómhartha seaca(continues on next page)- Collector
- Treasa Ní Cheileacháin
- Gender
- Female
- Address
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- James Keleghan
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo