Scoil: Sruthar (C.)
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sruthar (C.)
- XML Leathanach 264
- XML “An Maoilín Buí agus an Giorria”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bhí gnóthach le do ghunna." Ní racaidh sé ag crúd do bhó feasta." As sin amach bhí "Molly the Hare " uirthí.
- Fear óg a bhí i seirbhise in Airm in san gCogadh i mBaile Ata Chliat agus saigdúir do beadh é. Ceap sé gur mhait leis éaluig abaile, mar ní raibh a mórán sásta aige. Tuitim na h-oidhche thug sé an bóthair abhaile air féin. Nuair a bhí sé inaice an bhaile, bhí air a dul le taoibh sean roilge, agus bhí go phisréoga le radh go raibh taidhbse le feiceál ann.
Tháinig fear amac as an roilg, agus shiubhal se le na thaobh ar an mbóthair. Bhí faitcios mór ar an saigdúir, agus an céad theac do chonnaic sé, bhuail sá ar an doras. Dubhairt sean bean "Imthig leath" agus ná bí ag bhualadh an dorais seo gac oidhce." Ní raibh sé in d'on fhaich a dhéanamh acht an bhóthar do leanamhaint agus an fear eile le na thaob. In aice na Gaillimhe bhíodhar, nuair a thosuig an coileach ag glaodhach agus ar an bpoinnte ní raibh tásc ná tuairisg faoi an bhfear. Is annsin bhí fhios aige, gur taidhbhse do bhí ann.