Scoil: Sruthar (C.)
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sruthar (C.)
- XML Leathanach 231
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fathach ins cómhnuidhe i Lios Bail atá in aice lé Guirtín. Bhí sé chómh mór sin go raibh sé cromtha. Bhí a máthair ina cómhnuidhe leis. Gach lá chuaidh an máthair amach lé biadh a fhághail dó. Lá amháin chuaidh sí amach, agus thosuigh an bháisteach go h-an trom. Chuaidh an bháisteach isteach ag doras an chaisleáin. Tháinig fearg mhór ar an bhfathach, agus d'iompuigh sé an caisleáin thart. Nuair a chonnaic a mháthair an caisleán agus gan aon doras ann, d'imthigh sí.
Fuair an fathach bás, nuair a fuair sé amach go raibh an máthair imighthe. Chuala a dhearbhráthaireach go bhfuair sé bás. tháinig síád cuig an gchaisleán. Bhí an caisleán faoi ghlas aige, sul a bhfuair sé bás. Ní riabh síad in-don dul isteach ins an gcaisleán. Cuireadar cré thart ar an gcaisleán, go dtí go raibh cnoch mór déanta acú. Sé an t-ainm atá ar an gcnoch. "Cnoc an Fhathaigh", agus té sé lé feicéal míle ó thuaidh ó Sruthair.- Bailitheoir
- Treasa Ní Mhaoldúin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Martin Muldoon
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo