Scoil: Sruthar (C.)
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sruthar (C.)
- XML Leathanach 260
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin, bhí fear agus a bhean agus a mhac leo a' taisteal ar an mbóthar iarrainn. Bhí an putach de mhac go síoraidhe agus a cheann amach thrídh an bfuinneóig aige ag féachaint uaid. Dubhairt an t-atair "Ná bíodh do cheann amach mar sin agad, nó b'féidir go gcaillfeá do chaipín. Do suidh an putach ar an suidheacán go ceann tamaill ins dhiaidh sin, ach d'éirigh sé arís, agus chiir sé a cheann amac.
Annsin do smaoinigh an t-athair ar bheart, agus sciob sé an caipín de ceann a mhic, agus cuir sé i bhfolach fá bheinn a chota í sul dá raibh sé d'ionad aige iompód tart. Anois ars an t-atair, "nár dhubhairt mise leat go n-eiréochadh sin duith, agus níor thug tú aon áird orm." Anois ta do chaipí caillte agad" agus tosuigh an putach ag gol, agus ag bheicmhadh, agus le foighid a chur ann, dubairt an t-athair leis go bhfuigeadh sé air ais an caipín acth feadh a dhéanamh. Féach amach ar seisean go bhfeicfidh tú ag teacht ar ais í. Cómh fhad is bhí a cheann thríd an fhuinneóig ag an bputhach sciob an t-athair an caipín ó bhéinn a chóta, agus leig sé feadh as, agus nuair a d'fhéach an putac thart, bhí sí ina láimh aige. "Seo duit anois í, ar siesean", agus seachain an gcaillfeá arí í, agus nuair a fuair an puthac an caipín shuidh sé síos, agus thosuigh sé ag smaoineadh agus tháinig sé ina(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Maoldúin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pat Quinn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo