Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 003
- XML “Tadhg Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tadhg Gabha
Bhí fear óg dar’bh ainm do Tadhg Gabha in a chómhnuidhe i lagbuidhe agus théigheadh sé ag cúairtearacht go baile Cillín mar bhí cara leis ann.
Bhíodh an bheirt ag cainnt fá rudaí Reatha agus mhar sin do chaithidís an oidhche.
Oidhche amháin nuair a bhí sé ar tí a dhul abhaile bhí sé ag cur fearthainne agus an gaoth ag séideadh go créan.
Bhí air fanacht go dtí a dó dhéag agus chuaidh an fear eile chómh fada leis an gcoill leis. Do sgaradar ó chéile annsin agus chuaidh an fear a bheallach féin agus é ag feadaighil dó féin.
Nuair bhí sé ag teacht ingar dá theach fhéin chonnaic sé las ann agus chuir sin ionghnamh air.
Shíl sé go raibh eicín as beallach agus bhí fhíos aige go mbeadh a mhuinntir in a gcodhladh.
Do bhrostuigh sé abhaile agus do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Eoghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo