Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)
- Suíomh:
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-chluain (B.)
- XML Leathanach 398
- XML “Amhrán Mhachaire Bhuí”
- XML “Scéal Dá Chuid Féin i dtaobh na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin bhain Diolún an talamh arís as na Braonánaigh.
Deir Doimnic go dtáinig na Braonánaigh seo ón Tuaisceart.
Nuair a bhí sé fhéin in a ghasúr óg ní raibh ach Gaedhilg ag na daoine go léir. - Bhí mé oidche ag bleaghan na bó agus bhí mé a' tigeacht abhaile agus canna bainne liom, agus me a suibhal in aice na leasa. Bhí gearóideach [?] agus bhí sé as a chéill agus casadh liom é ar an mbóthar. D'iarr sé deoch bainne orm. 'An tusa Doimnic'? ar seisean. 'Is mé'. A' dtiubhriad deoch bainne dom. "Seo dhuit agus fáilte. Ól do sháith. 'Bail ó Dhia ar na ba' ar seisean agus d'imigh sé. Nuair a tháinig mé fhaid le droichead cobhthaigh níor fhéad mé mo bhealach a dhéanamh isteach 'na bhaile gur casadh na póitirí liom a bhí ag ól thoir i dteach Philip agus chuir siad ar an mbóthar mé. Tháinig mé trí fhichid slat agus níor fhéad mé mo bhealach a fháil níos fuide. Faoi dheireadh bhain mé dhíom mo jaicéad agus tionntuigh mé amach é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Doimnic Ó Rodaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- An Machaire Buí, Co. Mhaigh Eo