Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)
- Suíomh:
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rugadh mé i n-Iorrus aige Cathaoir Ó Dubhda
Fear a bhí múinte measúil go leór
Thóg sé go math le scoil agus léigheann mé
Nuair a tháinig mé suas i ngoireacht fear bhreágh
D'éirigh mé amach aon mhaidin sa drúcht
Mo chú is mo chúpla gadhar le m'ais
Thuit ceo ar a' talamh agus chaill mé mo chúrsa
Agus chuaidh mé amugha i gcnoc is i ngleann
Cé dtiocfainn dhul tharm ach Máire chiúin álainn
Ba deise is ba bhreághtha í is bhí a folt mar an ór
Labhair sí go meangach agus thug cuireadh go lághach dhom
An áit a bhfáighfinn fáilnis biadh agus feóil
Bhí bord ar a theaglaigh raibh chuile shórt bhidh air
Ancar mór fíona a líonadh le cáirt
Mianach naoi gcáirt agus (i dlí?) mo charabhata
Is níor lughade na míosaí ag imtheacht ónh gclár.
Chóirigh sí leabaidh faoi bhratachaí síoda
Agus dubhairt sí liom síneadh agus codail go sámh.
Nuair fuair mise amach go raibh mé sa mbruighin
Is go bhfuaduigh an bhean tsidhe bhí ag Fionnbheara Meádha.
Éirigh do shuidhe a mhic Cathaoir Uí Dubhda
Ghluais aníos as Iorrus dha mhám
Tá Fionnbheara geabhair a' teacht is a rúiteach
Is ní maith thú (bhualadh?) fó riar mo chúis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padhraic Ó Ceannabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 55
- Gairm bheatha
- Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe