Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)
- Suíomh:
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-chluain (B.)
- XML Leathanach 408
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tráthnóinín deireannach Dia Luain is e a' báisteach”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tá mac rí Shéamuis a' teacht dá h-éalú
Agus Prions o' Wales as an nGearmáin
Tá flíot ar fairrge is tá soighthigh seóla
Is tá an t-ádh go deo ar mo Nóra Bhán
Acht thárla ag imtheacht thú ar choimrige Dé dhuit
Is go dtugaidh Dia slán thú thar muir gan bádh
Is pé brí fear óg a bhfuil do phóg i ndán dó
Ní baoghalach bás dó ná galra dubh.(gan teideal)
“Éistigidh liom-sa go n-úsáidh mé scéal díobh”
Éigtigidh liom-sa go n-úsaidh mé scéal díobh (=inseoidh)
Ar ogmhnaoi in Éirinn do réir teastas m'eólais
Shiubhalfadh sí an bóthar mar a shiulbhalfadh an dtrúcht
Agus chasfadh sí greoite le fuaim neart a méara
Is bréaghtha í na Dído crann soillse na Spáinne
Tá na soillse --
Na' Bainríoghain de Maidhró cé go b'árd chu' a cháil
Na' Fúró, Áróro, Diana is Bhénus
Is na grásta go bhfághmuid murar sháruigh sí an méid
Is gift í ó Chríost dhon té a bhfuil sí i ndán dó.
Ní míne giota síoda na' crobh a dhá láimh
Tá'n ghile is tá an finne bháin taithne dá chéile
Is tá do Rós - Béilín meala chuir smais ar an méid.- Faisnéiseoir
- Padhraic Ó Ceannabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 55
- Gairm bheatha
- Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe