Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)
- Suíomh:
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-chluain (B.)
- XML Leathanach 400
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeál ó Phatsaí Ó Ceallacháin, an gabha, Meall. Aois 80 bl.
Bhí fear ins a' tír seo fad ó shoin. Ba mhaith leis gabh a dhéanamh don mac. Bhí gabha ins a tír a raibh go leór draoidheacht aige. Thug sé an mac leis go múinfit sé an cheird dó. Shocruigh sé leis é lá agus bliadhain. Nuair a bhí an t-am suas níor tháinig an mac abhaile aige. Fuaidh an t-athair go dtí an cheardchaí a raibh an mac 'g obair ann go bhfáighfait sé amach céin chúis dó fanaisaint. Casadh an mac dhó ar an mbealach. D'innsigh sé dhó gur mhúin sé níos mó pisreóga in aon lá amháin ná mhúin sé dhó 'rith na bliadhna. Acht rinne siad margadh nua. Muna n-aithneóchadh an t-athair é nuair a thiocfait sé 'na choinne go bhfanfait sé aige faid is mhairfit sé. - an t-athair ag -
Dubhairt sé go dtáinig sé go dtí an mac. Dubhairt an sean-ghabha leis go raibh le fágháil aige dhá n-aithnighit sé é. Bhí aon cheann déag buachaillí aige a ghabh sé ar a' mbealach céadna. Choinnigh (chruinnígh?) sé na buachaillí i gcuideachta. Rinne sé doisín colúr í( ) díobhta. Chaith sé cruithneacht ins a' yard. Bhí siad uile a' piocadh gráinne de acht -
acht a 'piotad[?]' na n-éanlaithe eile agus á mbualadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Patsaí Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Gabha (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sanúlán, Co. Mhaigh Eo