Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 228
- XML “Comharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbeádh an spéat go dúbh íseal déarfadh seanóir leat go mbéadh fearthainne trom ann. Má ta deannach bán ag eirighe de'n mbothar bí cinnte go bhfeicfidh tú fearthainn sat ibhfad. Eanlaith ag dul go tiórthaí iasachta samhluigheann sé sin go mbéidh sneachta trom againn. Bíonn slúagh mór druid lé chéile de ghnáth sul a thagann sneachta. Má chloistear glór na treanach ibhfad ón áit tá sneachta le teacht gan mhoill. Bíonn na cuirliú [?] ag sgreadghail go géar lé chéile sul a thagann fearthainn. Nuair a bhíonn na sean daoine bhailighthe tímcheall na teineadh oidhche fúar Geimhridh bíonn síad ag féachaint ar na lasracha agus déarfadh síad leat go gcialluigheann na lasrach gorma go mbéidh sneachta againn. Má tá Neifin go glan ar maidin béidh lá breágh againn. Chómh lúath agus a fheiceann an cat agus a dhruim leis an dteine bhí réidh i gcómhaire sneachta.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Logach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Ruadháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Logach, Co. Mhaigh Eo