Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 235](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0124%2FCBES_0124_235.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 235
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an Earrach déanann na feilméirí iomairí ins an dtalamh. Iompuigheann síad an bárr-fhód glas bun ós cionn. Cuireann sé ceithre fóid lé chéile agus sin iomaire. Fágann sé clais idir gach dá iomaire. Fágann sé an clais chun lánughadh do bhaint ann indhiaidh sin. Lé spáid nó ceáctha a déantar an obair seo.
Annsin tugtar na fataí chuig na mnáibh. Déanann síád sgoilteadh ortha. Sgiollán a tugtear ar an gcuid den bhfhata atá oireamhnach lé cur. Laodhán a cuirtear ar an gcuid eile. Muna féidir leó íad a chur go lúath cuirtear aol ortha chun nach n-eiróchadh síad lobhtha.
Sé obair fir, mná, agus paistí cur na bhfataí. Núair a bhíonn síad go léir bainte teigheann na fir amach agus déanann siad puill ins na h-iomairí lé stíbhín. Bíonn na paistí go crúadhógach ag cur na sgiollán. Tagann fear eile agus múchann sé na puill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Síoráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Síoráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo