Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 244
- XML “Na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag eitilt ós cionn tighe an bhuacalla. In ionad í a thabhairt go Sasana thóg sé í chuig a tighe féin.
Ach mo léan géar ní raibh indhon cainnte do dhéanamh agus bhí brón mór air. Cúpla oidhche in a dhiaidh sin bhí sé amuigh go deidheannach agus chuala sé sidheóg a rádh "Ní bheidh sí ábalta cainnt go dhéanamh mar cuir (mé) mise biorán sidhe in a ceann agus coingbhíochaidh sé sin ó chainnte í." Chuaidh Séan abhaile agus thóg sé an biorán as a ceann agus bhí sí indhon cainnt arís.
Máire Ní NíoláinMicheál Ó Níoláin
Muc Rúaidh
Béal Casa
Co. Mhuigheó
a thug na sgeálta- Bailitheoir
- Máire Ní Níoláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Níoláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargain Mhór, Co. Mhaigh Eo