Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 245
- XML “Scéalta Siógach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thart annseo tá a lán sgéalta ag na sean daoine faoi sídheóga. Uair amháin bhí fear ag teacht ó thóramh agus bhí sé mall san oidhche. Nuair a bhí sé san leabaidh, tháinig na sidheóga isteach san teach agus thóg siad leo é. Bhí sidheóga Muc Ruadh agus sídheóga Rinn An Anaigh ag imirt peile. Bhí an fear ag féachaint ortha. Nuair a bhí an cluithche thart, tháinig na sidheóga chuige agus d'iarr siad air cé acu a bhuaidh, agus dubhairt an fear gur buaidh Muc Ruaidh. Annsin tugad cead don bhfear dul abhaile, agus d'imhthigh sídheóga abhaile freisin.
- Bailitheoir
- Máire Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Ruadháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Logach, Co. Mhaigh Eo