Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 253
- XML “Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lé maistiú. De gnáth sul a ndheintear maistriú cuirtear sméaróid faoi'n gcuinneóg ar eagla d'tógfhadh na sidheóga an t-im. Má thag duine isteach lé linn maistriú do dhéanamh, is ceart dó cuid maistiú do dhéanamh. sul a dteigheann sé amach, nó muna ndéanamm sé é sin deirtear nach dtiocfhaidh aon im ar an mbainne go deo. Ní ceart aon rud do thógaint amach fhaid is a bhíonn an maistriú dá dhéanamh mar deirtear go dtógann se an t-im amach leis.
Nuair a bíonn an maistriú críochnuighthe casann an bhean an loinne thart sa mbainne go dtagamm am t-im go léir lé cheile. Annsin glanann a bhean a lamha go maith, glanann sí an pláta ime freisin. Pláta cruinn is eadh an pláta seo, agus é eanta d'ámaid. Tógann an bhean an t-im amach lé'n a lámha agus cuireann sí isteach sa bpláta é. Annsin socruigheann sí é leis na spaid ime agus cuireann sí marcanna beaga air. Bainne géar a tugtar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Logach, Co. Mhaigh Eo