Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 366
- XML “Máire an Halla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgríobhtha ar a mbrat -- aoinne a ghabhfú isteach ann go mbeid sé in áit a bith ins a domhan ins a moiméad a chluig.
Casadh an triúr aca ar a chéile an lá seo.
"Bhfuil fhios agaibh cé tá le bás?" arsan fear is sinne.
"Níl fhios," ar siad san.
"Tá triúr dochtúirí -- ar seisean -- os cionn Máire Halla agus í tugtha suas 'un a bháis."
"Má bheithinn-se annsin -- arsan tarna fear -- chreasóchainn ar a spot í."
"Seasuigí isteach annsin ar a mbrat seo," arsan triamhadh fear, "agus beidh sibh annsin in a móiméad a chluig."
Rinneadar mar a h-iarrú ortha is níor bhfada go rabh siad i dteach a n-athara. D'innis an t-athair dóbhtha an chaoí a raibh Máire an Halla -- go raibh sí le bás. Chuaidh an dara fear go dtí an seómra agus thug sé grim go'n ubhal di. Shuidh sí aniar a gairidhe leóbhtha agus bhí sí chómh maith is a bhí sí oidhche nó lá ariamh
D'innis gach aoinne aca a sgéal h-éin annsin di.
"Mise a thainnic thú" -- arsa fear a telescóp.
"Mise a chreasuig í -- arsa ferár an úbhla
"Mise thug annseo iad" -- arsa fear a bhrat.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo