Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 400
- XML “Cúpla Rann gur Deacair iad a Rá”
- XML “Cúpla Rann gur Deacair iad a Rá”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis a sean chat mion chat liath,
"Téanam isteach sa sean teach seilteach ata annseo thiar." - Na trí neithe is fuide a leananns nádúr a' duine,
Ruadh, ruadh íl agus bráchlaoís (i gaduíocht)
Ruadh = galar éigin- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Tuathail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
(gan teideal)
“Bhí bean ar bórd luinge uair, agus ní raibh bean ar bith eile ar bórd ach í.”
Bhí bean ar bórd luinge uair, agus ní raibh bean ar bith eile ar bórd ach í. Bhí deich bhfeara fichid ar bórd - cúig fir déag bhána agus cúig fir déag dhubha. Bhí sise i ngrádh i ngrádh le ceann go na fir bhána.
Tháinic báthu ar a' luing agus dubhairt a captaon go gcaithfí fear éicínt a chaitheadh amach nó go mbaithfí iad uilig. Bhí eagla ar an mnaoí óig go dtuitfeadh an crann ar a' fear go raibh sí féin i ngrádh leis. Dubhairt sí annsin na fir a chur thart i bhfámne agus go dtíoseóid sí ag ceann an fhainne ag cóireamh agus an fear a dtiocú an naoí air a gcómhaireamh go mbheadh sé le cur i bhfochair na bfear go dtóghfaí an fear a bhí le baiteadhas [?]. Rinne sí h-éin an fáinne agus seo mar a shocruig sí na fir.(leanann ar an chéad leathanach eile)