Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 410
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tagann ceithre rabharta mór gach bliain - rabharta mór na Féil' Pádhraic...”
Tagann ceithre rabharta mór gach bliain - Rabharta mór na Feil ' Pádhraic, Rabharta deireadh an Abráin, Rabharta toiseach an Fhoghmhair agus Rabharta ag deireadh an Fhóghmhair.
Tá trí sórt leas ins a gcladach - Feamuinn Bhuidhe, Collánach agus Sleamóg. Feamuinn fadó iseadh an collánach agus bíonn go leór ola ann agus ní thógann sé i bhfad le leághadh.
Feamuinn fada buidhe iseadh an Sleamóg agus breis ola fós ann agus tá sé níos tapamhla fós le leághadh.
Sí an Sleamóg an leas is fuide amach a bhíonn - annsin an collánach agus annsin an Feamuinn buidhe.
Má chuirtheá na trí leas sin ar aon phíosa amháin fataí, nuair a d'fhásfadh an bárr annsin d'feictheá na teorannaí a bheadh ar na trí leasú - an Sleamóg is feárr, annsin an collánach agus annsin an Feamuinn Bhuidhe.
Baineann siad an Feamuinn buidhe go luath san Earrach agus ní mór é d'fhágaint i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo