Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 447
- XML “An Fear ó Acaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe){c}arraic é. Bhí girré na chodlú le h-ais a gcarraic agus d'éiri sé amach agus bhuail {s}é an croc a chómh tiuf in Éirinn agus tháinic leis. Shíl seisean go mba é an searrach é agus toisigheann sé a glaoídheach air in áirde a chinn.
"Pré a chapaillín!" adeireadh sé. [sin adeir siad le capall annseo nuair a bhíonn siad ag iarraidh breith air.]
Níor thug a girré ceoth {?} go áird leis agus bhí sé a raithí na dhiaidh nó gur mhairbh sé é h-éin. Tháinic sé 'un a tighe brónach tuirseach
"Cia chaoí a thaitin leat?" arsan Máthair Mór.
"Thaithnig go maith," ar seisean, "Cheannuig mé ubh capaill i mBail' Uí Cháin, agus nuair a bhí mé in aice leis a mbaile leagadh mé agus briseadh an uibh, agus tháinic a' searrach ba luaithe a bhfaca tú ariamh amach aisti. Lean mé é ach sháruí orm a cheapú. Má bheidh sé in am aige a theacht amach, Ní bheadh aon bheithidheach in Éirinn a choinneóch leis."
"Ó Muise amadán," arsan Máthair Mór, "Níl leithéid go rud ann. Níor chuala aoinne riamh uibh a bheith ag capall. Cia mhéid d'íoc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eoghan Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Achaidh Thiar, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo