Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 475](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_475.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 475
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 475
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear fadó shoin ag iarraí a chodach, agus tháinic sé isteach un a tighe seo go mhall san oích'.”
(ar lean ón leathanach roimhe)teiní - "agus lá'r na mháireach roinneann {s}iad mur seo é," - a tarraint stríoc eile treasnaí na teiniú.
Fanann fear ar thaoíbh amháin lá agus {a}n fear eile ar an dtaoibh eile. An lá in a dhiaidh sin meascann siad tré na chéile airíst é agus abrann siad nách {b}hfuil siad sástaí leis a slighe atá sé roinntí."
Bhí sé ar a gcuma sin leis a dteiniú ná gur chuir sé an bhunnóg thríd a luaith. B'éigin di dul ar ais a chodhlú airíst agus theann a t-ocras ar fhear a tighe. Nuair a shíl siad go raibh sé na chodhlú airíst dubhairt sé le'n a bhean - éirí agus braoín bainne a bhleáint ó cheann go na ba "nó ní bheidh mé beó ar maidin," ar seisean.
Nuair a bhí sí a teacht aníos leis a mbainne fuai' an strainséirí na h-airicis. Shíl sí go mba é a fear féin a bhí ann agus tug sí an bainne dhó. Chaith sé sin siar é agus nuair a fuair sí 'un a rúma airíst d'iarr a fear héin uirthi cá raibh an bainne.
"Nár ól tú ceana é?" ar sis {!}.
"Ní bhei' mé beó ar maidin," ar seisean,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eoghan Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Achaidh Thiar, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Liam O Raghallaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo