Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíonn sí dhá thógáil deirean sí cúpla focal mar airid. Dhéanadh Dúán Airid do duine nuair a bhíodh an Ruadh air. Tá bean eile ar an gCorrán-Bhuidhe atá in ann é a dhéanamh. Tá neart daoine thart san áit atá in-ann easbhuidhe a leigheas. Gheibheann siad ceisíní agus cuireann siad leis iad. Nuair a thigeann faithne ar dhaoine gheibheann siad an t-uisge abhíos sa gcloich agus nigheann siad an faithne. Nuair a bhíonn daidheacha fiacal ar dhuine gheibheann siad puntán agus guimligheann siad thart ar an bhfiacail é. Nuair a ghortuigheann aoinne a chos ná a láimh téigheann sé go dtí an figheadóir agus tugann seisean snáithe leonta dó le na cuir uirthe. Nuair a gearrann aoinne a mhéar cuireann siad slán-lus leis agus muna stopann sin an fhuil cuireann siad téadracha an dúbháin alla leis.
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith an tSeagail, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Máille
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann