School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port Urlainn
- XML Page 219
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis na daoine toisiú ar obair Dé Mairt mar tá Máírt sa mbliadhan nach bhfuil an t-ádh air agus ní'l fhios cé'n Máirt é.
Lá an Logha:- Seo an 15adh lá dé Lughnasa, bíónn aonach an lá sin i mBéal-an-Mhuirthid agus cruinnighean an t-aos óg ar fad air. Bíónn ní fir óga an lá sin ag féachaint amach le h-aghaidh céile mná agus is iomdha cleamhnas a socruigheadh an lá sin mar sin tugadh Lá an Logha / Lá an Labhartha air. Níl an nós sin ann anois ach sheasann an t-ainm Domhnach Aindí:- Sean fear abhí in Aindí; fuair sé bás agus ar an Domhnach abhí an sochraid. D'éirigh stoirm mhór chomh mó sin nár fágadh stúca sna páirceanna nár séideadh i bfad ó bhaile agus ní rabh teach sa ceanntar nár feannadh an tuidhe de. Deireann na sean daoine nach rabh stoirm le n-a(continues on next page)