Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mé i mo chónaí i bPorturlainn, baile atá i bparóiste Cill Chomáin in Iorras i gContae Mhaigh Eo. Tugtar Porturlainn ar an mbaile seo mar bíonn na tonnta ag buaileadh in aghaidh an chladaigh agus ag siar. Luascadh na gcloch isteach agus amach. Tá tríocha teach sa mbaile seo. Ní raibh ach 15 ann fadó. Níl mórán sean-duine os cionn 70 bliana ann. Níl mórán fothrach sean-teach ar an mbaile. Bhí teach amháin de na Muinneacháin agus teach eile de na Labhaillaigh agus bhí teach eile de na Cosgaraigh ann. Níl an sloinne sin anois ann ar chor ar bith. 'Sé an sloinne is coitianta ar an mbaile ná "Ó Dómhnaill". Dhá chéad bhliain ó shin, ní raibh aon Domhnallach ar an mbaile ach tháinig fear darb ainm dó Niall Ó Dómhnaill as Gleann a'Ghaid go dtí an áit & siad is fairsinge anois. Tá muintir Mhic Aindrias agus Flannghaile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirín Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann