Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 264
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá Fheil' Eoghain:-An treas lá tugtar mar ainm air Lá Fheil' Eoghain / Eoghan Baiste, mar is é a bhaist ár Slánuightheóir an lá sin.
Lá na Leanbh:-Ins an am sin bhí sé ráidthe ag na Iúdaigh go rithfeadh Criost suas mar Rí agus dubhairt siad le rí na h-áite nach mbéadh aon dá rí orra agus dubhairt siad go gcaithfeadh sé a chur chun bháis ná go marbóchaidhe é féín. Rinne an Rí de dligheadh na leinbh a chur chun bháis ó aois lae go dtí aois trí mbliadhan agus sin é an fáth go bhfuil Lá na Leanbh ar an lá seo.
Lá Nodlag Beag:-Sin é an lá a baisteadh é agus deantar féastuidhe mar an gcéadhna mar chomóradh an lae sin.
Lá Fheil Brighide agus Lá Fheil' Muire na gCoinneal Tigeann Lá Fheil' Brighide roimh Lá Fheil' Muire na gCoinneal mar ins an am sin bhí sé déanta de dhligheadh ag an eaglais na mná a bhéadh le coisricean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann