Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 298
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon bhaile mór níos giorra dúinne na Beannchor agus Béal-an-Mhuirthid atá 20 míle uainn ach fadó ní rabh Béal-an-Mhuirtid féin ann. An uair sin bhíodh aonach ar an nGeata Mór baile beag atá tuairim 3 míle ó Béal-an-Mhuirthid. Bhíodh aonach i mBeannchor igcomhnuidhe - agus tá go fóill gach mí - cé nach rabh aon bhaile mór ann ach beagán teach. Aonach Bhaile Chaithil abhíodh mar ainm air agus tugtar sin go fóill air ag cuid de na sean-daoine mar bhí Baile Chathail ainm an bhaile san am sin. Bhíodh na daoine ó'n cheanntar seo ag fághail bidh as agus go leor daoine eile chomh maith agus d'fhás baile mór ann. Ní rabh aonach ariamh níos giorra dúinne ach bhíodh na ceannuightheóirí ag dul thart ar fud na h-áite ag ceannacht beithidheach agus déanann siad sin go fóíll roimh aonach. Anois chomh maith cuirtear ar(leanann ar an chéad leathanach eile)