School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port Urlainn
- XML Page 299
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghluaisteán mór iad go dtí an baile mór nó fágann siad an teach an tráthnóna roimh lá an aonaigh agus siubhalann leis na beithidhigh go baile eile ata gairid do'n aonach agus fanann annsin go dtigeann maidin lá an aonaigh.I gcomhnuidhe nuair a dioltar beithidheach tugtar airgead an ádha leis tugtar "Pinginn an Ádha" air agus b'íonn a mhéid ó 6d go 5 / - 'réir luach an bheithidhigh. Tugtar é seo ionnus go mbéadh an t-ádh ar an mbeithidheach.Nuair is maith le duine margadh a dhéanamh le duine eile tigeann sé chuige agus cistigheann sé é faoi luach an bheithidhigh agus tairgigheann sé rud níos lugha. Ní bionn an t-é ag díol sásta agus annsin deireann an ceannuightheóir:-
"Sín amach do lamh seo bhéarfaidh mé......"
agus tairgigheann sé beagan níos mó san chéádna buaileann sé bos an(continues on next page)