Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 302
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn aonach i mBéal-an-Mhuirthid gach mí agus ar an mBeannchor mar a gcéádna. Siad na h-aontaigh is fearr le h-aghaidh spórt na n-ógánach na Aonach na Nodlag agus lá an Logha i mBéal-an-Mhuirthid agus lá Fheil' Muire Mór i mBeannchor.Tá aonach na Nodlag go maith do mhuchaibh agus tá lá Fheil' Muire Mhór go maith le h-aghaidh caorach. Aonach an-mhaith i mBeannchor chomh maith iseadh le Fheil Mhichíl.
Fadó bhíodh alán long ag tigheacht isteach ag an Geata Mór le biadh agus is annsin a gheibheadh go leor a gcuid bidh is annsin chomh maith abhí na Tighearna Talmhan - Sliocht "Bingham;" mar sin d'fhás baile mór san áít agus annsin cruinnigheadh aontaigh ann. Ach ó d'fás Béál-an-Mhuirtid, níos lugha ná céád bliadhan ó shion agus ó thoisigh taistilideacht ar na bóithre chuaidh an Geata Mór siar agus anois níl aonach ar bith ann.
Na Páístí Uilig