School: Port Urlainn

Location:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Liam Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port Urlainn
  2. XML Page 301
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhíonn an bhó ceannuighthe má's gnáth dhuine ó'n áit a cheannuigeann í tógann sé giota lathaigh ó'n t-sráid ar bharr a mhaide agus cuireann sé marc uirre leis sin. Tá sí aige do réir dlighe annsin; ach más duine iasachta a cheannuigheann í nó ceannuightheór mór tá a mharc féín le sisúir nó adhbhar eicint a bhéas so-fheicthe.
    Ní tugtar ariamh an ceannrach le capall do'n cheannuightheóir. Má bhíonn sé ag iarraidh é a fhághail deireann siad níor cheannuigh tú é, nior cheannuigh tú ach an capall. Go minic ní thugann siad an buarach abíos ar an mbó nó ar an muic ach oiread. Feicfidh tú fear ag tigheacht abhaile tráthnóna agus an buarach treasna a ghualann aige sin comhartha gur dhíol sé. Sé an fáth nach dtugtar an buarach nó an ceangal leis an mbeithidheach ar fhaitchios go n-imtheóchadh an t-ádh leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Language
    Irish