Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 547
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche Nodhlag.
Ar an oidhche sin rugadh Íosa Críosta. Bíonn fleadh mór i ngach teach an oidhche sin. Fágann na daoine coinneál ar lasadh ar an bhfuinneóig chun solas a thabhairt don Mhaighdin Mhuire nuair a bhíonn sí a' gabháil thar an tighe. Bíonn an doras ar osgailt ag cuid de'na daoine ar feadh na h-oidhche. Deireann síad má bhíonn an doras ar fosgailt agus coinneál ar lasadh ar an bhfuinneóig béidir go dtiocfadh sí isteach. Bíonn suipéir mór ag gach duine Oidhche Nodhlag.
Oidhche Fheile Bríghide
Ar an lá deireannach de Mí na Eanair bíonn Oidhche Fhéile Bríghde. Ar an oidhche sin bíonn na sean-daoine ag déanamh Criosóig Bríghid as cothann, in onóir agus cuimhne ar Naomh Bríghid. Ar an g-céad lá de Mí na Feabhra bíonn lá Feile Bríghde. Is é sin an chéad la den Earrach.
Oidhche Fheile Seáin
Ar an dtríomhadh lá is fiche de Mheitheamh bhíonn teinnte móra cnamha in gach áit. Tógann na buachaillí móin, agus cnámha agus adhmuidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mártan Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo