Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ó shoin bhí Rí ag agus a bhean ina chómhnuidhe i bpálás mór agus ní [?] acú acht aon mhac. Bhíodh an Prionnsa óg amuigh seilg go minic. Lá amháin bhí sé amuigh ag seilg agus chas sean-fhear leis agus d'iarr sé d'en bprio [?] an raibh sé indhán cardaí a imirt. Thosuigh siad ag imirt agus fúair an Prionnsa óg an cluiche.
Annsin dubhairt an sean-fhear leis an bprionnsa aon rud a d'fiafruigh sé de go ngeobhfaidh sé é. D'inis sé de'n sean-fhear go leór ainmhidhthe a chuir isteach i bhfeirm mór a bhí aige. Bhí draoiodheacht ag an fhear, agus nuair d'féach an Prionnsa ar an bhp [?] bhí sé lán le h-ainmhidhthibh. Annsin thosuigh siad imirt arís agus fuair an sean-fhear an cluiche an t-am seo. Dubhairt an sean-fhear leis an bprionnsa annsin é féin a fhághail amach roimh bliadhan agus lá ón lá sin acht gan an dara oidhche codladh in aon teach ná dhá bhaidh ithe d-aon bhord. D'imthigh an Prionnsa abhaile agus brón air. D'innis sé an sgéal le na h-athair agus a mháthair agus dubhairt an t-athair go mbfhéidir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Mhuilligh
- Inscne
- Fireann