Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 565](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_565.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 565
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an uisge. Nuair tháinig siad go dtí an áit a raibh an fear agus a mhac ag iasgaireacht dubhairt sé leis. "An cuimhnigh tú an lá a chaith tú an sgian amach ins an tríomhadh tonna nuair a bhí sé chun do bháthadh." Dubhairt an fear gur chuimhnigh sé. Annsin dubhairt an fear a tháinig isteach ó'n bhfairrge gur i gcliathán a dheirbhsiúra féin a chuir sé an sgian. Tá sé annsin agus ní bhféidir le aon duine é a tharrach amach," ar seisean
Annsin chuaidh an beirt fhear síos faoi'n bhfairrge agus chuaidh siad isteach i gcaisleán breágh árd agus chonnaic siad an cailín agus an sgian ina cliathán. Annsin tharraing an fear an sgian amach as an gcliathán. Annsin chuaidh an fear suas go dtí an áit a bhfuair sé é agus d'fhag sé é slán sabháilte. Tamall ina dhiaidh sin bhí an fear agus a athair amuigh ag iasgaireacht. Tháinig na trí tonnaí agus bathadh an mhac. Creideann na daoine go raibh an cailín ag iarraidh an fear sin a phósadh. Is fíor an sgéal é sin. Ta an teach thíos ins na Mungs.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mhóráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Padhraigh Ó Maolalaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo