School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 565
- XML “Scéal faoi Fhear as an Mungs”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an uisge. Nuair tháinig siad go dtí an áit a raibh an fear agus a mhac ag iasgaireacht dubhairt sé leis. "An cuimhnigh tú an lá a chaith tú an sgian amach ins an tríomhadh tonna nuair a bhí sé chun do bháthadh." Dubhairt an fear gur chuimhnigh sé. Annsin dubhairt an fear a tháinig isteach ó'n bhfairrge gur i gcliathán a dheirbhsiúra féin a chuir sé an sgian. Tá sé annsin agus ní bhféidir le aon duine é a tharrach amach," ar seisean
Annsin chuaidh an beirt fhear síos faoi'n bhfairrge agus chuaidh siad isteach i gcaisleán breágh árd agus chonnaic siad an cailín agus an sgian ina cliathán. Annsin tharraing an fear an sgian amach as an gcliathán. Annsin chuaidh an fear suas go dtí an áit a bhfuair sé é agus d'fhag sé é slán sabháilte. Tamall ina dhiaidh sin bhí an fear agus a athair amuigh ag iasgaireacht. Tháinig na trí tonnaí agus bathadh an mhac. Creideann na daoine go raibh an cailín ag iarraidh an fear sin a phósadh. Is fíor an sgéal é sin. Ta an teach thíos ins na Mungs.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Mhóráin
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Padhraigh Ó Maolalaigh
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo