Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 142
- XML “An Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá fhios ag gach duine go raibh Dia ar an saoghal seo go raibh sé 33 bliadhna d'e aois. Lá amháin nuair a bhí sé féin agus a mháthair bheannuighthe ag siubhal an bothair, I thainig siad go dtí teach agus ní raibh ann acht gasúr amháin agus a mháthair. Nuair a chonnaic an gasúr Iosa síl sé nach bhfaca se aon duine ariamh chómh deas leis agus lean sé é.Nuair a bhíodar ag dul thart le clasach mór a bhí líon[ta] le huisge tharraing Dia sinneán mhór gaoithe a chuir an gasúr isteach sa clasach. Nuair a thriomuigh an clasach fuair a mháthair cnamhaí an gasúir agus chuir sí isteach i mála beag íad. Lá indiaidh lá gheobhadh an bhean go dtí an séipéal agus an mála leí.Lá amháin bhí 12 bhean riaghalta sa séipéal agus thuit an bhean a raibh an mála aice 'na coladh agus an mála beag faoi na ceann. "Ba mhaith liom fhághail amach céard tá sa mála," arsa ceann aca. Thóg sí an mála bhain sí an sreangán d'en mhála agus bhí an baladh ba aoibhinne d'ár cuir sí ariamh air. Annsin ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an Criosán
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Mongáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo