Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 148
- XML “Conradh an Talaimh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí connradh an talaimh chómh láidir annseo a's bhí sé i n-aíteacha eile agus bhí na tionóntaidhthe chómh fiochmhar seasmhach le muinntir gach uile páírt eile de'n tír.Caitheamh urchar le Ceartar mar atá tugtha sios cheana agus chaill sé a chos i ngeall air. Dúnmharbhuigheadh an Bairéadach i nDubh-loch gan morán fátha.Bhí Bellington, Sasanach, in a thionóntaidhe ar Ráith Cheartair. Nuair a bhí a léas caithte d'imthigh sé. Thóg Ceartar féín an talamh annsoin agus chuir gach uile chineál síl ann. Nuair a bhí an barr ionbhainte thug sé fir oibre as Béal a' Mhuithrid leis an barr do bhaint. Chuir muinntir na h-áite, agus an Connradh mar chúl taca aca, in a aghaidh seo. Nuair a thainig Ceartar agus a chuid fear oibre ní leigfidhe dóíbh aon lámh a fhágháil ar an mbarr nó dul isteach san ngort. An lá dár gcionn thainig Ceartar aríst agus a chongnamh leis. Bhí trí scór póilí ar charranna(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mag Ghuibhir
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo