Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 158
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“San tsean-aimsir ní bhíodh aon tsiopa ...”
San tsean-aimsir ní bhíodh aon tsiopa an taobh seo de Bhéal a' Mhuithrid. B'éigin do na daoine triall go Béal a' Mhuithrid, 13 míle o'n áit seo. Is minic a bhiod sioc agus sneachta ann un Nodlaig agus gheibheadh na daoine bochta crádhadh mór ag siubhal sios agus anios.Sul ar bunuigheadh aonach i mBéal a' Mhuithrid bhíodh aonta mór ar an nGeata Mór, trí mhíle an taobh thiar de Bhéal a' Mhuithrid. An Sean-Major Bingham a bhunnuigh an t-aonach ann agus Binghamstown a thug sé ar an áít. Tá iarsmaí na sean-fhoirigintí ann go fóill acht tá deireadh leis an aonach agus le cumhacht na mBiongamach. Ar teacht do'n plúr agus an tae cuireadh go leor siopaí beaga ar bun annseo. Bhíodh go leor sibíní ann chómh maith. Bhíodh builíní, milseáin, tobac, uisge beatha agus iasg ins na siopaí seo.Cuireadh cúpla siopa ar bhun i nGaoth-Sáile annsoin áit nach bhfuil acht trí míle uaidh seo.Timcheall 40 bliadhan ó shoin bunuigheadh aonach muc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Gamhnáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo