Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 167
- XML “Dónall Dualgaigh”
- XML “Na Reiligí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní féidir liom aon seanchus fagháil fá fhathach ar bith acht Dómhnall Dualgaigh. Deirtear gurbh é an fathach a ba láídire i nÉirinn le n-a linn. Chómhnuigh sé ag Dún Dhómhnaill in aice le Gleann Chaisil, trí mhíle an taobh thoir de Bheul a' Mhuithrid. Nuair a bhéas tú ar d'aistear ó Beannchor Iorruis go Béal a' Mhuithrid tá a uaigh le feiceál ar thaobh an chnuic san ngleann. Tá an uaigh 24 troigh ar fad.Tá sean-chaisleán a bhí i seilbh Ghráinne Ní Mháille treasna na h-abhna annseo an taobh dheas de'n scoil ar Ceann na Faithche i mBaile a' Chruaich. Deirtear go raibh áit cómhnuidhthe ag Dómhnall san áit sin fadó agus ndeárnaidh sé bealach nó clochán treasna na h-abhna go dtí é. Ta an bealach ann go fóill. Nuair a bhéas sé in a íar-thráigh is ar éigin a bhéas bád mór a dhul treasna an chlocháin seo. Tá cunntas air ag Séamus Mag Guibhir, mac le Pádhraic, i leabhar ata dhá chur amach ag an nGúm.
- Tá ceann i nDubh-Thuama a fosgluigheadh sa mbliadhain 1928. Lisín a bhí ann roimhe sin. Cuirtí páistí gan baisteadh san lisín. Cuma chearnógach atá ar an reilg anois acht cuma chruinn a bhí an lisín. Tá roilg eile i nGaoth-Sáile a rinneadh dhá bhliadhain(leanann ar an chéad leathanach eile)