Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Cuileann
- XML Leathanach 172
- XML “Féilí na Bliana”
- XML “An Nollaig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)FÉILE MÁRTANMarbhuigheann muintear an tighe gé i gcuimhne Mártan. Dóirteann siad an fuil ag doras an chistinighe. Creideann na daoine go mbéadh an t-ádh ag an duine a dhéanann sin agus nach dticofaidh an sionnach le na héanacha a ghoid i rith na bliadhna. Deireann siad fuil go Mártan trí huaire i ndiaidh a chéile nuair a tá siad ag dóirteadh na fola(?).
- 'Sé an Nodlaig an féásta is mo sa mbliadhain. Crochann na daoine cuilleann agus eidhneán agus druad-lus i ngach seómra le na mhaiseadh. Lastar coinneal i ngach fhuinneóg sa tighe Oidhche Nodlaig i n-onóir Íosa Críost mar sé solus an domhain é. Bíonn doras an tighe ar osgailt tar-éis meadhon oidhche. Bíonn an Mhaidhean Mhuire ag dul thart leis an leanbh agus bféidir go dteasdóchadh uaithe theacht isteach. Múchtar na choinnle le linn dul a chodhladh do na daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Cearáin
- Inscne
- Fireann