Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 248
- XML “Saibhreas Mhaghdóráin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí iomdha áit ar fud na h-Éireann, áiteacha iar-chúlta go mór-mhór go bhfuil a lán óir curtha i bhfolach ag daoine do mhair fadó. Tá sgéalta go leór lé cloisteáil ag gach duine in Éirinn beagnach i dtaobh sean-daoine a raibh sainnt mhór in a gcuid airgid acú agus nár thainig leó é fhágail 'na ndiaidh ag mac ná inghean lé sógh a bhaint as taréis a mbás.Is minic a chualas mo mhathair a rádh go mbíodh sean-chaiptín ag dul thart fadó agus go mbíodh sé ag teacht i dtír go minic i Mágdór. B'é baramhail gach uile dhuine go raibh a lán airgid aige. Aon uair amháin bhí ar a dhul go h-Ameirice agus bhí fhios ag gach duine nach dtuibharfadh se a chuid airgid leis.Bhíodh gach aoinne ag faire air go bhfeicfeadh siad a'gcuirfeadh sé in aon áit é. Bhí a long ar ancaire sa chuan go dtí an maidin áirithe seo agus nuair a d'féach siad amach ní raibh tásg nó tuairisg air. Ní raibh fhios ag éinne ar chuir sé aon óir i bhfolach nó nár chuir acht dubhairt fear éigin gur chuir sé ceithre bhoscaí d'ór agus bosca d'airgead geal i bhfolach thiar i gceann h-Imeallta.Ar chuma ar bith nuair a chuala na daoine sin chuaidh fear amháin gur(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Scanaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Scanaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo