Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deireann na sean-daoine go bhfuil Laetheannta Riabhaiche ann, agus tuiteann siad ar an dhá lá deiread do mhí Márta, agus ar an gcéád lá d'Aibreán.Tá sgéal ag baint leis na laetheannta sin. Bhí bó ann uair amháin agus chuaidh sí amach ins na páirce, agus bhí macruis uirthí. Thosuigh sí ag rith agus dubhairt sé" Anois ta Márta bradach beagnach imthigh,mar ní raibh acht dá lá ann annsin. Bhí an dara lá eile go hana olc ar fad, le gaoith cruaidh agus sioc, agus sneachta agus an chéad lá d'Aibreán.Fuair Márta lá ar cháirde ó Aibreán, agus do bhain siad an croiceann den sean-bhó riabhach agus sin é an fáth atá 31 lá i mí Márta, mar níor thug Márta an lá ar ais ariamh do mhí Aibreán(leanann ar an chéad leathanach eile)