Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 44
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní dhéarnadh na daoine arán as an plúr bán ins an sean-aimsear. Rinne na daoine an t-arán as an cruithneacht agus as an min-coirce go mór mhór as an mhin-coirce.Bhíodh na daoine á' mheilead an gráinne sa mbaile san am fadó. Mheilidís an gráinne le na bróinte a bhíodh aca chun na h-oibre san am fadó. Níl morán aca san áit seo anois agus n'íl siad ag obair leis na cinn sin. Bhíodh poll innthi (?) chun an coirce a leigeant síos. Tá ceann le fághail ag geata Séan O h-Éilidhe in-aice leis an scoil. San am fadó deantaí arán speisialta, mar cáca min-coirce do na daoine a bhíódh ag dul go Meiricá, mar ní raibh aon t-arán d'én tsaghas sin i Meiricá.Déanamh na daoine fadó arán as na prátaí darbh ainm bocstí, agus go dtí an lá seo déantar é i n-áiteanna agus bíónn sé go h-an dheas ar fad. Seo é an chaoi a ndéantar é. Níghtear na fataí dhá uair ar dtúis agus tógtar na súile amach asta. Annsin scríóbhtear iad le scriobadóir. Annsin tógtar an t-uisge(leanann ar an chéad leathanach eile)