Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 7

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 7

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 7
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tarbh "ní ghá dhuit a bheith ar do ghlúine ag gábháil do leith-sgéal, agus ag leigean ort féin go bhfuil aithmhéala ort. Bhí tú lán-dáríre agus ní chreidfidh mise thú nach rabhais."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal: Bhí fear ann fadó agus bhí bád aige. Bhí an bád ar ancaire aige, agus, mar go raibh an fhairrge ciuin go maith ins an áit, bá rópa féir a bhí 'gá cheangal.
    Bhí tarbh ag fear eile ar an mbaile agus oidhche bhreágh spéir - ghealaighe. Bhí an tarbh ag spaisteoireacht thart dó féin le bord na fairrge nuair a chonnaic sé an bád. Chuaidh sé go dtí í. Chuir sé boladh an rópa, agus ba ghearr go raibh sé ithte aige. Thaithnig sé chomh mór leis go ndeacha sé isteach ins an mbád agus geir d'ith sé an méid de, a bhí taobh istigh. Nuair a bhí sin déanta aige luig sé síos ins an mbád. Ba ghearr go dtainic an lán mara san báid agus nuair a thosuigh sé ag trághadh arís sguabadh an báid agus an tarbh amach leis an t-sruth. Ní fachtas radharc ó shoin i leith ortha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.