Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 9
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ins an áit seo fadó, agus aon lá amháin chuaidh sé go dtí Baile Chaisil. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile, dubhairt fear eile leis gur chuaidh fear eile go Béal Átha an Feadha. Dubhairt sé leis go raibh capaill aige, agus go mbéadh siad abhaile le chéile. Acht d'imthigh an fear abhaile ar chaoi ar bith, nuair ná'r chonnaic sé an fear eile ag teacht. Nuair a bhí siad ag teacht ag Gleannosra chuala sé torann capaill eile ag teacht, agus shíl sé gurbh é an fear é. D'fheach se thart agus céard a chonnaic sé acht capaill mór bán, agus fear mór ar an gcapaill, agus hata mór ar a cheann. Dionntuigh sé thart arís agus céard a chonnaic sé acht coileach franncac. Bhí fearg mór air agus níor ionntuigh sé thart arís gur sroich sé a bhaile féin.
- Bhí fear agus bean ann fadó ina gcómhnuidhe i dteach beag leobhtha féin. Aon lá amháin chuaidh an fear amach go dtí an gort ag obair. Nuair a bhí sé in-am an dinneir níor chuala sé an bhean ag glaodhach air. Bhí an t-ocras ag méadú air agus dá bhrígh sin thuith sé isteach i bpoll. Nuair a chuaidh sé isteach san theach céard a chonnaic sé, acht an bhean ina shuidhe ag an teine, agus gan an dinnéir réidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Nic an Chloinsigh
- Inscne
- Baineann