Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 204
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceann, dh'iompuig sí siar agus chonnaic sí a máthair, agus labhair sí léi, sé an rud a dubhairt sí ná: A Cháit, tá sé in am duit labhairt liom.
Annsan dubhairt Cáit: A Mham, a Mham cad tá ort, annsan dubhairt an m[h]áthair. "Tá mé an-trí na chéile mar gheall ort, nuair nach bhfuil tú tar éis dul fé láimh Easboig, nuair a raghaidh tú suas, abair leis na daoine é, agus cuirfhidh mise de dhícheall ortha tú a chreideamhaint. Mar istoidhche amáireach díreach nuair a ghlaodhfhaidh an coileach, ag a dhá b[h]uile dhéag, beidh mise im s[h]easamh ag an doras san agus fanaidh mé ann. Agus cuirfhidh mé de dhícheall ortha tú a chreideamhaint.
Muna dhéanfhaidh siad é sin tá mise chun rud uathbhásach a dhéanamh ortha. D'imthig an cailín abhaile agus d'innis sí dos na daoine é acht ní chreidfhidís í. Tháinig an b[h]ean an oidhhce sin ag a dhá bhuile dhéag, dh'fhan sí ann ar feadh i bhfad agus chuir sí scannradh ortha. An lá 'na dhiaidh san, thug na daoine go dtí an Easbog í, agus fuair sí sácraimint dul fé láimh Easboig.
Nuair a tháinig sí abhaile, chuaidh sí go dtí an tobar, agus chonnaic sí a m(h)áthair agus dubhairt sí léi go raibh sí sásta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge