Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 212
- XML “Tiarna Talún”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fhios ag na daoine sin go raibh na h-ocharacha aige. Tháinig ceann acu amach ar an mbóthar roimhe agus an rán ina lámh aige. Bhfuil tú chun mé a m[h]arbhu arsa an tigearna. Níor dhein an fear acht buile de'n rán a thabhairt do agus é a marbhú ar an bpaiste sin. Dubhairt sé leis an triúr eile buile eile a bhualadh air nuair na beadh an mileán ar fad ar fhéin. Buadar é agus bhí bean ag piocadh na bprátaí agus dubhadar má tá tusa chun innisint orainn taimíd chun an cleas ceana a déanamh leatsa. Ó ní dhéanfhad arsa sí.
Chuadar go léir go tír éigin eile agus fuaireadar bás an-dhona. - Sean-fhocaill
1. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.
2. Bíonn cluasa ar na claid[h]eacha
3. Bíonn an fhírinne searbh.
4. Éist le fuaim na h-abhann agus gheobhair breac.
5. As an obair a gheib[h]tear an fhoghluim.
6. Tosach maith leath na h-oibre.
7. Is feárr focal sa chúirt ná púnt sa sprán.
8. Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht.
9. Ní bhíonn buan acht an ceart.
10. Níl in gach rud acht tamall.
11. Níl sa saoghal acht ceo agus ní b[h]eimíd beo acht tamall.
12. Mair a c[h]apaill agus gheobhair féar.
13. Beidh lá eile ag an bpaorach.
14. Tiocfhaidh lá fós nuair gur trom le bó a h-earball.
15. Fallaí fuara a dhéineann bean an tighe s(h)uarach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Lonáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge