Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 317
- XML “Sprideanna”
- XML “Leipreachán”
- XML “Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí an fear tar éis bháis.
- Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé i gcónaí ag faire ar leipreachán.
An oíche seo chonaic sé ceann agus é ina shuí ar an gclaidhe. Bhí sé ag deisiú bróg. Bheir an fear air agus leig an leipreachán liúigh as. Dúirt an fear leis cróca óir a thabhairt dó agus ná cuirfeadh sé isteach air go deo arís.
Thug an leipreachán cróca óir dó agus d'imigh sé. An maidin ina dhiaidh sin d'fhéach sé ar an cróca agus bhí sé folamh.- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Síoga
Bhí beirt bhuachaillí ann uair amháin agus bhíodar an-mhór lena chéile. D’imigh ceann acu as an áit agus phós sé. Ní raibh sé i bhfad pósta nuair a fuair sé bás.
Chuaigh an fear eile go dtí an tórramh agus nuair a bhí sé in aice leis an tígh, cé bhí ina sheasamh in aice leis an gclaí ach an fear a bhí tar éis bháis. “Ó, nílimse tar éis bháis ar aon chor, ar seisean. Nuair a rachaidh tusa isteach anois(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge