Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 328
- XML “Na Sióga”
- XML “Tobar Féithín”
- XML “Íosa agus Naomh Peadar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach go dtí an áit ina raibh an fear agus bhí bean álainn istigh sa mbád agus thosnaigh sí ag amhrán go binn ceolmhar. Sé an amhrán a bhí aici ná
"Ó tá mé go brónach, go brónach, go brónach
Is dé cúis ná béinn brónach gan tusa, a grá".
An neomait dúirt an bean an t-amhrán do léim an fear isteach sa mbád agus ní fhacha aoinne ó shoin é. - Tá tobar amuigh sa sliabh agus tugtar Tobar Feithin mar ainm air agus sé an ainm atá ar an áit ina bhfuil sé ná Lios Gríobhtha.
Sé an cúis a bhfuil an ainm sin air ná nuair a bhí Naomh Déaglán ag dul go dtí Árd Mór beir an oíche air agus chuir sé fé san áit sin. Ar maidin nuair d'éirigh sé bhí sé uaidh deoch uisce d'fháil agus ní raibh aon uisce timpeall na h-áite.
Bhí an bior mór a bhíonn ag an t-Easgoghaige agus tháinigh uisce aníos tríd an talamh tirm. Sé an brí atá le feithín ná tobar nó páirc a bheadh uisce ann.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Bhí Íosa agus Naomh Peadar lá ag siúl an bóthar agus bhí fear bocht ar thaobh an bóthair agus bhí éadaí an-stracha air. Níor thug Íosa aon rud dó agus tháinigh buile ar Naomh Peadar.
Ansan thánaigh fear eile ortha agus bhí éadaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge