Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 365
- XML “Ministéir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"An bhfuil aon áit agat a gcuirfá an bhó ach ar an mbóhar?"
"Níl, mhuise" arsan fear.
"Tabharfaidh mise páirc dhuit má thagann tú go dtí an teampall chugham" arsan ministéir.
"Tá go maith" arsan fear.
An maidean ina dhiaidh sin chuir an fear an bhó isteach sa pháirc agus an Domhnach ina dhiaidh sin chuaidh an fear go dtí an teampall. D'airigh an sagart é agus chuaidh sé ag caint leis an bhfear.
"Airghím go bhfuil tú iompaithe id Shasanach" arsa an sagart.
"Nílim" arsan fear.
D'airigh mé go raibh tú ag an teampall Dé Domhnach" arsan sagart.
"Bhíos" arsan fear.
"Agus cad a thug ann tú?" arsan sagart.
"Táim ag dul go dtí an teampall ar son féir na bó agus táim ag dul go dtí an Aifreann ar son m'anma" arsan fear.- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge