Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 119
- XML “Guí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dathad bliain ann ó d'airigheas so im thig féin i bparóiste Tuar an Fhíona ina na Déise.
Fear oibre dár b'ainm do Mrtan a Photail ag obair i bpáirc bhí suite ag béal dorais againne. Ag baint aitinn a bhí sé. Bhuail sé isteach chun a phíopa do dheargant. Rángaidh go raibh an té á caitheamh. Tugadh cuireadh do Mhártan ceann do dhéanadh inár measc agus ní raibh ach gaoth an fhocail ón fear bocht a bheith ag suí cois búird.
Sí mo dheirbhsiúr a chur an té i gcóir agus nuair a bhí a dhóthain ithe is ólta aige, d'éirigh ina sheasamh agus bhain fioghar na croise de féin agus dúirt le Brifid, mo deirfúir "A chailín canta geal-gháireach, go mairid tú slán agus fé mhaise, go mbeidh do bhróga-sa agus mo bhróg-sa fé an t-aon leabaidh amháin agus suas ortha".- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann